73
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár “Ní Gaeilgeoir mé” nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.
»»»Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid. An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.
»»»Tá club amhránaíochta an Ghóilín á reáchtáil i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath le breis is fiche bliain anois. Míníonn Antaine Ó Faracháin céard go díreach a tharlaíonn sa chlub.
»»»Creideann Uachtarán na hÉireann, go dtiocfaidh muid slán as an ghéarchéim eacnamaíochta reatha agus go n-amharcfaidh muid siar air i gceann deich mbliana mar scrúdú a dtáinig muid fríd le honóracha. Toghadh Máire Mhic Giolla Íosa mar Uachtarán na hÉireann don chéad uair sa bhliain 1997 agus in athuair sa bhliain 2004 agus tiocfaidh deireadh lena tréimhse Uachtaránachta an bhliain seo chugainn.
»»»An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.
»»»An dtiocfaidh na vótálaithe amach? Sin ceann de na príomhcheisteanna atá ag Tony Blair, William Hague agus Charles Kennedy agus olltoghchán na Breataine ag druidim linn.
»»»Bhí Conradh na Gaeilge gníomhach i Learpholl ag deireadh an ochtú haois déag agus thug lucht Gaeilge as Éirinn cuairt ar an chathair ó am go chéile, Pádraig Mac Piarais ina measc. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Chaith Amanda Reid oíche go maidin ar bhainis sa bPolainn i gcomhluadar le lucht ceoil. Fuair sí léargas ann ní hamháin ar an gceiliúradh, ach ar an gcruatan saoil.
»»»Tá sé daichead bliain anois ó bhí rath ar an iománaíocht i mBaile Átha Cliath. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth nach bhfuil borradh faoin spórt sa cheantar sin.
»»»Dá mba rud é gur éist iarrthóir Chónra na Gaeilge do thoghchán an tSeanaid leis an chomhairle a chuir Balor air, bheadh an lá leis.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.
»»»Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.
»»»Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997. I sliocht na míosa seo, tá cur síos ar ionsaí a rinneadh ar theach mhuintir Mháire i mBéal Feirste i 1972.
»»»Tá leabhar díreach foilsithe a thugann deis do roinnt réiteoirí a gcuid tuairimí a thabhairt mar gheall ar eachtraí conspóideacha a tharla le linn cluichí a raibh siadsan ina bhfeighil. Measann Colm Mac Séalaigh go mbeidh níos mó bá ag daoine leo tar éis an leabhar seo a léamh.
»»»Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.