John von Neumann
Cuma
Matamaiticeoir a saolaíodh i mBúdaipeist agus a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ab ea Johann von Neumann (1903-1957). Rinne sé taighde ar mheicnic chandamach is tacartheoiric. Agus é ag déanamh ríomhaireachtaí ardluais i bhforbairt an H-bhuama, chuir sé le dearadh ríomhairí digiteacha le cuimhne. Thug sé teoiric na gcluichí isteach, rud a d'fhág lorg ar fhorbairt na heacnamaíochta.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |