Jump to content

Leabhar Gheineasas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach ó Gheineasas Vín, seanlámhscríbhinn de chuid de Gheineasas as Gréigis atá á coinneáil i dtaisce i Vín

Is é Geineasas (Gréigis: "teacht ann", "giniúint") an chéad leabhar sa Bhíobla agus sa Sean-Tiomna. Is é is príomhábhar dó ná cruthú an domhain agus an gheallúint a chuir tús le hIosrael mar phobal Dé. Is é an t-ainm Eabhraise atá ar Gheineasas ná Bereshit, nó "ar dtús": be-reshit bara elohim... ("ar dtús a chruthaigh Dia..."). Is féidir dhá scéal difriúla a aithint i nGeineasas: i dtús báire, tugtar cur síos ar an dóigh ar chruthaigh Dia an domhan agus an duine, agus ina dhiaidh sin, cromann an téacs ar chúrsaí na bpatrarc a phlé, is é sin, Abrahám, Íosác, Iacób, Iósaef, agus Iúdá.

Foinsí

  • An Bíobla Naofa. Arna aistriú ón mbuntéacs faoi threoir ó Easpaig na hÉireann maille le Réamhrá agus Brollaigh. An Sagart, Maigh Nuad 1992.