Cath an Alamo (1836)
Texas revolución (en) | |
---|---|
Cineál | cath, léigear agus last stand (en) |
Dáta | 6 Márta 1836 |
Comhordanáidí | 29° 25′ 32″ N, 98° 29′ 10″ O / 29.425555555556°N,98.486111111111°W |
Áit | San Antonio agus Misean Alamo, Mexican Texas (en) |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rannpháirtithe | Centralist Republic of Mexico (en) agus Poblacht Texas |
Ar 23 Feabhra 1836, thosaigh Cath an Alamo, nuair a d'ionsaigh fórsaí ó Mheicsiceo na reibiliúnaigh san Alamo. Dúnfort ab ea an 'Misean'[1] Alamo, a tógadh na Spáinnigh sna 1700idí, agus atá suite i gcroílár San Antonio, in Texas, inniu. Daoine geala ab ea na cosantóirí, iad ag iarraidh neamhspleáchas ó Mheicsiceo a bhaint amach do Texas.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an t-arm Meicsiceach, faoi Antonio López de Santa Anna, léigear ar an Alamo ar 23 Feabhra 1836, Bhí 194 fear san Alamo, agus an misean beag Proinsiasach á chosaint acu.
Ar an 2 Márta, fógraíodh Texas a neamhspleáchas in Washington, TX.
Tháinig deireadh, tar éis dhá lá dhéag, le Léigear an Alamo, ar 6 Márta, nuair a threascair fórsaí an Ghinearáil Mheicsicigh Santa Anna, an garastún beag [2] Rinneadh slad ar na “Texians” a bhí ann, Davy Crockett ina measc.
Chuir an t-ionsaí uafás ar Mheiriceá agus d'éirigh Crockett ina laoch pobail. Cloíodh an t-arm Meicsiceach i gCath San Jacinto ar an 21 Aibreán 1836.
D'ionghabh na Stáit Aontaithe Texas in 1845, an 28ú stát san Aontas.