Antairíneam
Cuma
Antirrhinum | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Plantaginaceae |
Géineas | Antirrhinum L., 1753 |
Planda gearrshaolach ilbhliantúil, rud beag tomach, a fhásann 80 cm ar airde, dúchasach don Eoraip is ea antairíneam.[1] Na duilleoga íochtaracha urchomhaireach, is na duilleoga uachtaracha ailtéarnach. Na bláthanna go láidir siogamorfach, an feadán le dhá liopa, an ceann íochtarach trímhaothánach, le starr (an carball) a dhúnann an feadán is a dhéanann ardán tuirlingthe do na bumbóga. Is í an bhumbóg an t-aon fheithid atá trom láidir a dhóthain chun na liopaí a oscailt is fáil isteach chun teacht ar an neachtar istigh ann. Sa phlanda fiáin bíonn na bláthanna scothdhearg/corcra, ach bíonn raon dathanna ar na plandaí saothraithe. Fástar é mar mhaisiúchán bliantúil.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Antirrhinum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Antairíneam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |