Jump to content

Baldus de Ubaldis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBaldus de Ubaldis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Deireadh Fómhair 1327
Perugia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Aibreán 1400
72 bliana d'aois
Pavia Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Perugia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaineolaí dlí, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bhologna
Ollscoil Pavia
Ollscoil Flórans
Ollscoil Padua
Ollscoil Pisa
Ollscoil Perugia Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidBartolus de Saxoferrato agus Federico Petrucci
Mac/iníon léinnPápa Gréagóir XI, Francesco Zabarella, Peter of Ancarano (en) Aistrigh, Johannes de Imola agus Paulus Castrensis
TeangachaAn Laidin
Baldus de Ubaldis ar dheisː Benvenutus Straccha - De mercatura decisiones (1671)

Dlí-eolaí de chuid na hIodáile ba ea Baldus de Ubaldis (1327 - 28 Aibreán 1400). Bhí Baldus i measc na saineolaithe ba thábhachtaí san Iodáil mheánaoiseach maidir leis an an dlí Rómhánach agus an dlí Canónta.[1]

Consiliorum sive responsorum, (leagan 1575).

Tar éis bhás Bartolus de Saxoferrato sa bhliain 1357, tháinig Baldus (a bhí i measc a chuid mac léinn) ina áit mar an t-údar dlí ba cháiliúla agus ba mhó tionchair san Eoraip.

Bhí Baldus i measc na saineolaithe ba thábhachtaí san Iodáil mheánaoiseach maidir leis an an Dlí Rómhánach agus an Dlí canónta na hEaglaise Caitlicí; rinneadh an Pápa Gréagóir XI de dhuine dá chuid mac léinn (Pierre Roger de Beaufort) agus ghair an chéad Phápa eile Urban VI Baldus chun na Róimhe chun comhairle a thabhairt dó maidir le roinnt ceisteanna a bhain le Siosma Mór an Iarthair.

Lectura feudorum, in Leiden, Universiteitsbibliotheek

D'fhág Baldus corpas mór tráchtaireachtaí, tráchtas agus go háirithe tuairimí dlí, a léiríonn an bhaint a bhí aige le fadhbanna praiticiúla dlíthiúla agus polaitiúla le linn a ré. Bhí tionchar mór ag a chuid oibre ar dhlí na fianaise thar aon chuid eile.

  • De syndicatu officialium
  • De duobus fratribus
  • De significatione verborum
  • De pace Constantiae
  • De feudis
  • Summula respiciens facta mercatorum.
  • Commentaria in digestum vetus.
  • Consiliorum sive responsorum.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Baldus de Ubaldis". Dáta rochtana: 2021.