Buachalán buí
Cuma
Jacobaea vulgaris | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Géineas | Jacobaea |
Speiceas | Jacobaea vulgaris Gaertn., 1791 |
Is éard is buachalán buí[1] ann ná planda folláin débhliantiúil nó ilbhliantúil a fhásann suas le 1.5 m ar airde, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise, bíodh is gur tugadh isteach é in an-chuid réigiún ar fud an Domhain. Na duilleoga le liopaí fiaclacha neamhrialta. An-chuid ceannbhláthanna, suas le 2.5 cm ar leithead, geal buí órga, rud beag cosúil le nóinín, i gcrobhaingí barrleata. Nimhiúil do stoc feirme má itear méid mór de, ach ar an dea-uair, seachnaíonn beithígh é is iad ag iníor.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Senecio jacobaea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Buachalán buí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |