Edward Mills Purcell
Cuma
Fisiceoir a rugadh i dTaylorville, Illinois ab ea Edward Mills Purcell (1912-1997). Shaothraigh sé modhanna anailíse bunaithe ar athshondas maighnéadach núicléach, uirlis fhíorthábhachtach sa cheimic anois. An chéad duine a bhraith an radaíocht mhicreathonnach idir-réaltach a réamhinis van de Hulst. Roinn sé Duais Nobel na Fisice le Felix Bloch i 1952 as a shaothar ar thomhais le hathshondas maighnéadach núicléach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Edward Mills Purcell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |