Elizabeth Butler-Sloss
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Elizabeth Butler-Sloss, Baroness Butler-Sloss |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Ann Elizabeth Oldfield Havers 10 Lúnasa 1933 91 bliana d'aois Buckinghamshire, England |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
13 Meitheamh 2006 – | |
Uachtarán Rannán an Teaghlaigh | |
1 Deireadh Fómhair 1999 – Aibreán 2005 | |
Tiarna Breitheamh Achomhairc | |
1988 – 1999 | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Wycombe Abbey School (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | breitheamh, polaiteoir, abhcóide |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Joseph William Alexander Butler-Sloss (1958–) |
Páiste | Frances Ann Josephine Butler-Sloss, Robert Joseph Neville Galmoye Butler-Sloss, William Edmund Patchell Minchin Butler-Sloss |
Athair | Cecil Havers agus Enid Snelling |
Gradam a fuarthas |
Breitheamh de chuid Shasana ba ea An Banbharún Elizabeth Butler-Sloss (a rugadh ar 10 Lúnasa 1933). Bhí sí ar na chéad mhná a bhain post breithiúnach sinsearach amach i Sasana agus An Bhreatain Bheag.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iníon le habhcóide (ina bhreitheamh den Ard-Chúirt ní ba dhéanaí, An Ridire Cecil Havers) ina theannta sin is deirfiúr leis an Tiarna Havers í; bhí sé ina Ard-Aighne ó 1979 go 1987 agus ansin ina Ard-Seansailéir ar feadh seal gairid.
Glaodh chun an Bharra uirthi sa bhliain 1955 (ag an Teampall Istigh.) Rinne Cláraitheoir i bPríomhchlárlann na Rannóige Teaghlaigh di sa bhliain 1970.
Ba í an ceathrú bean a ceapadh ar an Ard-Chúirt sa bhliain 1979 (curtha chuig an Rannóg Teaghlaigh.)
Ba í an chéad bhean a ceapadh ar an gCúirt Achomhairc, sa bhliain 1988, agus an chéad bhean a ceapadh ina hUachtarán ar an Rannóg Teaghlaigh (post a bhí aici ó 1999 go 2005.) Mar sin, ba í an breitheamh mná ba shinsearaí i Sasana agus An Bhreatain Bheag go dtí gur ceapadh An Banbharún Hale i dTeach na dTiarnaí sa bhliain 2004.[1]
Rinneadh bantiarna saoil de Butler-Sloss sa bhliain 2006.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí dhá chonspóid maidir lena cuid oibre i ndiaidh di éirí as an mbinse.
Sa bhliain 2007, d'éirigh sí as a post mar Chróinéir a bhí i mbun an ionchoisne maidir le bás Diana, Banphrionsa na Breataine Bige, toisc gur chuir an Ard-Chúirt ar neamhní an cinneadh a rinne sí ionchoisne gan giúiré a chur ar bun agus toisc gur cheap sí nach raibh an taithí aici a bheadh ag teastáil uaithi agus í ag i gceannas ar éisteacht le giúiré.[1]
Sa bhliain 2014, d'éirigh sí as mar chathaoirleach ar an bhFiosrúchán Neamhspleách maidir le Mí-úsáid Ghnéis ar Leanaí i Sasana agus An Bhreatain Bheag, mar gheall ar agóidí a cuireadh isteach in aghaidh a hoiriúnachta don phost, ó ba rud é go raibh gaol gairid aici le ball de cheann de na rialtais a bhféadfadh go ndéanfaí iniúchadh ar a iompar agus mar gheall ar líomhaintí gur léirigh sí go raibh sí claonta i dtaobh Eaglais Shasana le linn fiosrúchán den chineál céanna.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Michael Havers". Dáta rochtana: 2021.