Kirsten Gillibrand
Is Seanadóir de chuid na Stát Aontaithe, sóisearach ó Stát Nua-Eabhrac í Kirsten Elizabeth Rutnick Gillibrand. Rugadh ar 9 Nollaig 1966 in Albany, Nua-Eabhrac í. Is ball den Pháirtí Daonlathach í. Ceapadh í ina seanadóir í sa bhliain 2009, agus atoghadh í go dtí an Seanad i dtoghchán speisialta an bhliain ina dhiaidh sin.
Rugadh in Albany, Nua-Eabhrac, í do bheirt dhliodóirí. Toghadh í do Theach na nIonadaithe in Washington, D.C. sa bhliain 2007. Sa bhliain 2008 cheap an tUachtarán Barack Obama Hillary Rodham Clinton mar rúnaí stáit. Ba sheanadóir ó Nua-Eabhrac í Clinton ag an am, agus d'fhág an ceapachán suíochán Clinton sa Seanad folamh. Cheap Gobharnóir Nua-Eabhrac ag an am, Basil Paterson, Gillibrand mar sheanadóir leis an suíochán a líonadh ach bhí ar Gillibrand an suíochán a chosaint i dtoghchán speisialta sa bhliain 2010. Fuair sí an bua agus 72% de na vótaí aici.
Oibríonn Gillibrand ar bhealach a réitíonn le tuairimí formhór na ndaoine sa toghlach a roghnaigh í. Nuair a bhí sí ina ionadaí do thoghlach sách coimeádach i Stát Nua-Eabhrac, bhí sí ina ball den ghrúpa coimeádach Daonlathach i dTeach na nIonadaithe ar a dtugtar na Blue Dogs. Anois agus í mar ionadaí ar son an stáit uilig bíonn seasamh níos leithne aici.
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]