Herman Van Rompuy
Is polaiteoir Beilgeach Pléimeannach é Herman Van Rompuy ([ˈɦɛɾmɑn vɑn ˈɾɔmpœy̆]). Rugadh Van Rompuy in Etterbeek, i ngar don Bhruiséil. Is ball den Christen-Democratisch en Vlaams (CD&V) é. Tháinig sé i gcomharbas ar Yves Leterme mar phríomh-aire na Beilge i Mí na Nollag 2008.[1] Roghnaigh na ceannairí Eorpacha Van Rompuy mar chéad Uachtarán buan Comhairle na hEorpa sa bhliain 2009.
Gairm agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'eacnamaí ag Banc Náisiúnta na Beilge é, chuir sé tús lena ghairmréim pholaitiúil in 1973 mar Leas-Uachtarán náisiúnta ar chomhairle ógra a pháirtí.
Tá céim ag Herman Van Rompuy san fhealsúnacht agus máistreacht aige san eacnamaíocht fheidhmeach ó Ollscoil Leuven (KU Leuven).
Gníomhréim pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Priomh-aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'iarr an rí air rialtas a chur le chéile ar an 28 Mí na Nollag cé go raibh drogall ar Van Rompuy bheith ina phríomh-aire. Ghlac sé mionn oifige dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 30 Mí na Nollag.
Uachtarán Comhairle na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag cruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu sa Bhruiséil an 19 Samhain 2009, chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh d'aon toil Herman Van Rompuy a cheapadh ina chéad Uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach.
Bibleagrafaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- De kentering der tijden, Lannoo, 1979
- Hopen na 1984, Davidsfonds, 1984
- Het christendom. Een moderne gedachte, Davidsfonds, 1990
- Vernieuwing in hoofd en hart. Een tegendraadse visie, Davidsfonds, 1998
- De binnenkant op een kier. Avonden zonder politiek, Lannoo, 2000
- Dagboek van een vijftiger, Davidsfonds, 2004
- Op zoek naar wijsheid, Davidsfonds, 2007
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-12-31. Dáta rochtana: 2008-12-31.