Joe Dolan
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Joseph Francis Robert Dolan 16 Deireadh Fómhair 1939 An Muileann gCearr, Éire |
Bás | 26 Nollaig 2007 68 bliana d'aois Ospidéal Príobháideach an Mater, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, fiontraí, cumadóir amhrán |
Tréimhse oibre | 1958 – |
Seánra | Popcheol |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Pye Records |
Suíomh gréasáin | joedolan.com |
B'amhránaí clúiteach Éireannach é Joseph Francis Robert Dolan (16 Deireadh Fómhair 1939[1] - 26 Mí na Nollag 2007), nó Joe Dolan, mar ab fhearr aithne air. An Muileann gCearr i gContae na hIarmhí a áit dúchais, ach bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath le blianta fada.
Gairm Cheoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a chéad phost aige leis an nuachtán áitiúil, The Westmeath Examiner. Ach chuaigh sé leis an gceol chomh luath is a bhí an phrintíseacht sin críochnaithe aige.
Bhain sé cáil amach in Éirinn ar dtús sa bhliain 1964 lena bhanna féin, The Drifters, leis an amhrán 'The Answer to Everything'. In éineacht leis sin, is mór an clú a bhí ar na hamhráin eile leis, 'Good Lookin' Woman' agus 'Make me an Island' (a bhain áit Uimh. 1 amach sna cairteacha ceoil i 14 tír, sa bhliain 1969). Bhí sé ar an gcéad cheoltóir ón Iarthar le ceolchoirm a chur ar siúl san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1978, nuair a bhí seó dá chuid ar siúl i Moscó.
Amhráin Mhór-Ráchairte
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1965: "I Love You More and More Everyday"
- 1967: "The House With the Whitewashed Gable"
- 1968: "The Westmeath Bachelor"
- 1969: "Make Me An Island"
- 1970: "You're Such a Good Looking Woman"
- 1975: "Lady in Blue" / "My Darling Michelle"
- 1976: "Sister Mary" Díséad le Kelly Marie -Uimh.2 in Éirinn.
- 1976: "You Belong to Me"
- 1977: "I Need You"
Ábhair Shuime
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh sé faoi scian sa bhliain 2005 chun cromán nua a fháil. Cuireadh an seanchromán a bhí aige ar ceant chun airgead a bhailiú le haghaidh na carthanachta, Autism Action. Díoladh é ar eBay ar €680.[2][3]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé bás ar Lá Fhéile Stiofán sa bhliain 2007, díreach i ndiaidh a trí a chlog um thráthnóna, agus é go dona tinn in Ospidéal Príobháideach an Mater.[4] Bhí roinnt dá chuid seónna curtha ar ceal aige mar gheall ar an tinneas roimhe sin.[5] Ceaptar go bhfuair sé bás faoi dheireadh ó rith fola inchinne.[6] Adhlacadh é ina áit dúchais sa Mhuileann gCearr, áit ar fhreastail breis is 2,000 duine ar a shochraid.[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Irish Independent - "From humble beginnings to showband superstardom"
- ↑ http://www.newsobserver.com/1635/story/849052.html[nasc briste go buan]
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-29. Dáta rochtana: 2007-12-31.
- ↑ http://www.rte.ie/news/2007/1226/dolanj.html?rss
- ↑ http://www.independent.ie/national-news/dolan-shows-cancelled-as-virus-strikes-1248570.html
- ↑ http://www.belfasttelegraph.co.uk/breaking-news/ireland/article3285000.ece
- ↑ http://www.rte.ie/news/2007/1229/dolanj.html?rss