Laící
Kobus leche | |
---|---|
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 7.5 míosa |
Tréimhse saoil is faide | 25.4 bliain |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas beagnach faoi bhagairt | |
UICN | 11033 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Géineas | Kobus |
Speiceas | Kobus leche J.E.Gray, 1850 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is antalóp é an laící[1] (Kobus leche) a fhaightear i ngnáthóga bogaigh i lárdheisceart na hAfraice.
Tá sé dúchasach don Bhotsuáin, an tSaimbia, oirdheisceart Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, oirthuaisceart na Namaib, agus oirthear Angóla, go háirithe i nDeilt Okavango, Maigh Kafue, agus Bogach Bangweulu. Tá an speiceas sách coitianta i zúnna agus ar fheirmeacha ainmhithe fiáine.
Tá laícithe fásta thart ar 90–100cm ar airde ag an ngualainn, agus tá idir 50 agus 120kg meáchain iontu de ghnáth, na fireannaigh níos troime ná na baineannaigh. Tá siad órdhonn le bolg bán. Bíonn dath níos dorcha ar fhireannaigh, ach braitheann an dath cruinn ar an bhfospeiceas. Na fireannaigh amháin a bhfuil adharca orthu, de chruth bíseach, beagáinín cosúil le lír. Bíonn na cosa deiridh níos faide go comhréireach ná mar atá ar antalóip eile, rud a éascaíonn an rith fadraoin ar thalamh riascach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Kobus leche” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.