Lampa díluchtúcháin
Cuma
Lampa atá bunaithe ar sheoladh leictreachais trí ghás atá sáinnithe i bhfeadán gloine. Téann an gás, agus astaíonn solas amach tríd an ngloine. Ní speictream leanúnach a bhíonn sa solas seo, ach speictream líne. Struchtúr adamhach an gháis is mó a shocraíonn an speictream, agus mar sin, dathanna an tsolais a astaítear. Go hiondúil, úsáidtear an dúil ghásach neon féin agus í measctha le gáis eile don fheidhm seo. Is féidir le lampa den sórt seo méid áirithe solais ultraivialait a astú freisin, ag brath ar an ngás a úsáidtear ann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lampa díluchtúcháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 393.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |