Larry Gogan
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Bealtaine 1934 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 7 Eanáir 2020 85 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse, pearsa raidió |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann |
Craoltóir Éireannach de chuid RTÉ ab ea Lorcan 'Larry' Gogan (3 Bealtaine 1934 – 7 Eanáir 2020). Láithreoir raidió agus teilifíse as Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath a bhí ann. Thosaigh Gogan amach in 1961 ar Raidió Éireann. Níos déanaí, bhí sé mar chuid de chéad fhoireann 2FM, agus chríochnaigh sé ar an raidió digiteach (RTÉ Gold) i ndeireadh na bliana 2019..[1] Tugadh ‘fear an ghlóir bhinn’ air.agus 'guth den phopraidió' in Éirinn.[2][3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir sé barr feabhais ar a cheird trí bheith ag éisteacht le Radio Luxemburg agus ag déanamh staidéar ar stíl na láithreoirí. Seo é an t-aon deis a bhíodh ag daoine in Éirinn sna 1950í éisteacht le racanról.[4]
Le linn dó a bheith ina dhioscmharcach le RTÉ, agus go háirithe ag obair ar RTÉ 2Fm, chuir Gogan i láthair clár raidió ina raibh meascán tarraingteach de shingil a bhain na cairteacha amach, ceol as Éirinn agus ceol as na seanchairteacha. Agus é ag obair ar an bpopraidió bhí Gogan ag baint amach sprioc a chuir sé roimhe agus é fós ina pháiste – éisteacht le ceol, é a sheinm agus é a chur ar fáil do phobal mór raidió. Is é an mana a bhí aige ná ‘más aoibhinn leat do chuid oibre ní dhéanfaidh tú lá oibre le do shaol.’
De réir mar a bhí na blianta ag dul thart is ea is mó dul chun cinn a rinne sé ó thaobh a ghairme agus an tóir a bhí air ag an bpobal, de bharr na scileanna craoltóireachta a tháinig ón gcroí, a ghuth lách agus a eolasaí agus a bhí sé ar chúrsaí ceoil. Ó thaobh an cheoil de bhí Gogan i gcónaí ábhartha agus bailí.[4][5][3]
Thug sé an-tacaíocht do cheol agus do ceoltóirí nua na hÉireann ó Bhob Geldof go Brendan Shine agus gach rud idir eatarthu.
Just a Minute
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Gogan i mbun, Just a Minute, tráth na gceist. a bhain amach stádas cultais, go háirithe de bharr na bhfreagraí aisteacha a thugadh na hiomaitheoirí go minic, ar nós go raibh an Taj Mahal trasna ón Ospidéal Fiaclóireachta nó gur i gCromghlinn a bhí Balla Mór na Síne. Ligfeadh Gogan an créatúr chun bealaigh, go minic leis an mana sólásach sin a bhíodh aige: “they didn’t suit you today”.[4]
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]An lá deiridh a raibh sé ag obair ar 2FM, athraíodh ainm an stáisiúin go dtí Larry Gogan FM don lá mar aitheantas ar a chuid oibre.[6]
Bhásaigh Gogan in 2020 ag 85 bliain d’aois tar éis gairm raidió a mhair beagnach 70 bliain. Bhásaigh bean chéile Larry - Florrie - sa bhliain 2002. Maireann a gcúigear clainne - Gerard, Orla, Gráinne, David agus Sinéad (fuair Florrie bás sa bhliain 2002).[6]
Gairm bheatha thar a bheith suntasach a bhí aige, ar an raidió agus ar an teilifís araon. Bhí aithne rímhaith ag lucht éisteachta agus lucht féachana ar fud na tíre air mar gheall ar a dhíograis thógálach agus a ghnaíúlacht.[4]
Bronnadh Gradam Hall of Fame IMRO air.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An chroí imithe Ronan Collins machnamh ar bhás Larry Gogan" (ga-IE) (2022-12-22). Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ "Larry Gogan – The Golden Voice of Irish Radio – Ireland's Own". www.irelandsown.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-22. Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ 3.0 3.1 Liam De Brun (2022-12-22). "An chroí imithe Ronan Collins machnamh ar bhás Larry Gogan" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 RTÉ Presspack (2020). "CLOCH LE CARN – LARRY GOGAN |". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ Nuacht RTE (2020-01-10). "Craoltóir RTÉ Larry Gogan adhlactha inniu" (as ga-IE).
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2020-01-07). "Craoltóir aitheanta RTÉ Larry Gogan tar éis bháis" (as ga).