Muhammad Ali
Dornálaí Meiriceánach ba ea Muhammad Ali (a rugadh leis an ainm Cassius Marcellus Clay, Jr ar an 17 Eanáir, 1942 i Louisville, Kentucky agus a d'éag ar an 3 Meitheamh 2016 i Phoenix, Arizona). Rinneadh curadh an domhain sa trom-mheáchan de i 1964, 1974, agus 1978. Dornálaí an-rathúil a bhí ann, agus tugadh an leasainm The Greatest air. Bhronn an iris Sports Illustrated an teideal "Fear Spóirt an Chéid" air sa bhliain 1999.
Dornálaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Ali bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Tóiceo sa bhliain 1960.
Ar an 29 Deireadh Fómhair 1960, bhuaigh Muhammad Ali a chéad chluiche dornálaíochta gairmiúil.
Throid Muhammad Ali in aghaidh Henry Cooper dhá uair, i 1963 agus ar an 21 Bealtaine 1966. Bhí an bua ag Ali gach uair, ach bhí na dornálaithe ag troid an méid a bhí ina gcnámha. Bhí Ali ar na rópaí i 1963, ach chuir an dornálaí a chéile comhraic dá chothrom.[1]
Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3]
Cé go raibh buaite ar Liston arís ag Ali agus ar Floyd Patterson chomh maith, faoin am a dtáinig earrach na bliana 1965,[4] persona non grata a bhí i Muhammad Ali in áiteacha go leor ina thír dhúchais.
Ar an 16 Feabhra 1978, bhuaigh Leon Spinks an Craobh Dornálaíochta Trom-Mheáchan Domhanda i gcoinne Muhammad Ali.
D'éirigh Ali as an dornálaíocht sa bhliain 1981, nuair a chlis a shláinte. Fuair sé amach go raibh Galar Parkinson air sna 1980idí.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taobh amuigh den chró dornálaíochta, gníomhaí polaitiúil ab ea Muhammad Ali freisin, agus tharraing sé conspóid lena bheo agus lena mharbh
- Ghlac sé páirt sa ghluaiseacht chearta sibhialta i S.A.M. sna 1960idí.
Moslamach ceartchreidmheach a bhí ann. Ar an 6 Márta 1964, d'athraigh sé a ainm Cassius Clay go Muhammad Ali.[5] D'éirigh Muhammad Ali persona non grata in áiteacha go leor sna Stáit Aontaithe.
Tugadh cúl dó agus cáineadh é siocair bá a bheith aige le Náisiún Ioslam. Bhí a sheasamh maidir le Cogadh Vítneam agus a dhiúltú dul isteach san arm ina chnámh spairne freisin agus níor thaitin a chosaint neamhbhalbh ar a chuid tuairimí le go leor.[4]
Sa bhliain 1965, ní raibh aon stát i Meiriceá a thabharfadh ceadúnas troda dó agus dá bharr ní raibh aige ach a dhul go Ceanada.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=JhOo5Vh_2iM&
- ↑ History com Editors. "Young Muhammad Ali knocks out Sonny Liston for first world title" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2023-01-17.
- ↑ "Ali vs Liston 1 | How Ali SHOOK UP the World - Breakdown" (as en) .
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Mártan Ó Ciardha (15 Eanáir 2023). "Bhí mo dhóthain den dornálaíocht agam tar éis babhta speárála amháin le Mick Lally" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-17.
- ↑ Slate