Neil Kinnock
Cuma
Polaiteoir Briotanach is ea Neil Gordon Kinnock, Barún Kinnock (28 Márta 1942 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe idir 1983 agus 1992. Deirtear go raibh sé freagrach as athbheochan an pháirtí le linn na tréimhse ina raibh an lámh in uachtar ag an bPáirtí Coimeádach. Níor éirigh leis an bpáirtí a stiúradh ar ais chuig rialtas. Tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre toghchán 1992 a chailliúint, d'éirigh sé as mar cheannaire an pháirtí.
Níos déanaí, bhí sé ina choimisinéir leis an Aontas Eorpach idir 1995 agus 2004, agus go dtí 2009 bhí sé ina chathaoirleach ar an gComhairle Bhriotanach agus ina uachtarán ar Ollscoil Caerdydd.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |