Pierre-Émile Martin
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Pierre Blaise Martin 17 Lúnasa 1824 Bourges, An Fhrainc |
Bás | 19 Bealtaine 1915 90 bliana d'aois Fourchambault, An Fhrainc |
Méara Sireuil | |
1855 – 1874 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | École nationale supérieure des mines de Paris |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Angoulême |
Gairm | innealtóir, tionsclaí |
Ball de | |
Teangacha | An Fhraincis |
Teaghlach | |
Athair | Émile Martin |
Siblín | Constance Martin |
Gradam a fuarthas
|
Miotaleolaí a rugadh i mBourges na Fraince ab ea Pierre-Émile Martin (18 Lúnasa 1824 – 23 Bealtaine 1915). Agus é ag obair i dteilgcheárta cruach a athar, shaothraigh sé bealach nua le cruach a tháirgeadh i bhfoirnéis teallaigh oscailte, ag baint feidhm as próiseas athghiniúna teasa a thug comhlacht Siemens isteach. Bhuaigh táirgí phróiseas seo Siemens-Martin an bonn óir ag Taispeántas Pháras i 1867. Ina dhiaidh sin, bhí an fhoirnéis teallaigh oscailte ar phríomhfhoinse cruach an Domhain.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pierre-Émile Martin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 440.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |