Ryan Coogler
Stiúrthóir scannáin agus scríbhneoir scripteanna scannáin is ea Ryan Kyle Coogler[1] a rugadh ar 23 Bealtaine 1986.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Coogler in Oakland, California, agus tógadh i gCalifornia é. Ar an ardscoil (St. Mary's) dó bhí sé páirteach i matamaitic, eolaíocht, agus spóirt. D'imir sé peil Mheiriceánach ag St. Mary's College of California agus rinne sé staidéar an gceimic. Sa scoil sin, spreag múinteoir leis triail a bhaint as an scríbhneoireacht chruthaíoch. Cé go ndearna sé staidéar ar an airgeadas ina dhiaidh sin, lean sé leis an scríbhneoireacht agus an scannánaíocht.
Mhol na léirmheastóirí a chéad scannán fada, mar atá Fruitvale Station (2013). Coogler an stiúrthóir agus, in éineacht le Joe Robert Cole, scríbhneoir Black Panther, scannán a tháinig amach i mí Feabhra, 2018.
Déanann Coogler comhairleoireacht shóisialta dheonach in San Francisco, gairm a bhí ag a athair freisin.
Saothar stiúrthóireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Teideal | Also credited as | Notes | ||
---|---|---|---|---|---|
Stiúrthóir | Léiritheoir | Scríbhneoir | |||
2013 | Fruitvale Station | Tá | Tá | ||
2015 | Creed | Tá | Tá | ||
2018 | Black Panther | Tá | Tá |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ryan Kyle Coogler, Born 05/23/1986 in California" (Béarla). California Births Index.