Tiúba
Cuma
Cineál | sacschorn |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 423.232 |
Raon seinm | |
Sampla fuaime | |
Gairm ealaíonta | tiúbadóir |
Gléas ceoil, déanta as feadán práis atá lúbtha go héilipseach, de ghnáth le 3 chomhla, béalóg atá suite go ceartingearach le ceann amháin an fheadáin is clog leathan, dírithe in airde ag an gceann eile. An gléas is mó, agus is lú airde, de na gléasanna práis. Tháinig sé i ndiaidh na hoificléide mar dhorduirlis i roinn práis na ceolfhoirne i lár an 19ú céad. Déantar é i 3-4 mhéid, agus tugtar ainmneacha eile ar chuid acu.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tiúba". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 665.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |