Viktor Yushchenko
Tríú huachtarán na hÚcráine ab ea Viktor Andriyovych Yushchenko (Úcráinis: Віктор Андрійович Ющенко), a rugadh ar 23 Feabhra 1954.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Múinteoirí ab ea tuismitheoirí Yushchenko. Roimhe sin throid a athair i gcoinne na nGearmánach, a ghabh é. Chaith sé tamall in Auschwitz.
Rugadh agus tógadh Viktor Yushchenko in iarthar na hÚcráine i gceantar lán-Úcráinise, rud a scair é ón gcuid ba mhó dá chomhghleacaithe agus é ag obair sa saol polaitiúil nuair a bhí sé óg. Rúisis an teanga dhúchais acusan.
Bhí ról mór ag Yushchenko sa chomhaontas polaitiúil ar a baisteadh Nasha Ukrayina ("An Úcráin s'againne").
Toghadh mar uachtarán é sa bhliain 2005.
Thit an tacaíocht a bhí aige i measc an phobail go trom, agus nuair a sheas sé don uachtaránacht arís sa bhliain 2010 ní bhfuair sé ach 5.45% de na vótaí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |